Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)

Suíomh:
Cill Rialaigh, Co. Kerry
Múinteoir:
Séamus B. Ó Lúbhaing
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 467

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 467

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Rialaigh
  2. XML Leathanach 467
  3. XML “Aistí Scoláirí Scoile - Ainmhithe na Feirme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nó a bhlaisfeadh aon ní as ní fhéadfaí iad a choimeád amach as. Tá coinleac ana dheas againn, agus “Coinleac na Nóiníní” a thugtar air mar tá mórán nóiníní ann agus aon uair a bheadh na ba istigh ann bíonn bainne ana dheas acu. Nuair a bhíonn mo mháthair ag crú na mbó bíonn sí ag amhrán, deirtear gur crúdhtóir mhaith an a bhíonn ag crú na mbó agus é ag amhrán. Tá seana-fhocal ag baint leis an mbó a dhoirteann bainne “Ná bac aon bhó a dhoirteann a cuid bainne,” agus deirtear nách ceart aon t-suim a chur ann ná aon díobháil a dhéanamh do’n bhó mar go mbíonn an bainne sin ag teastáíl ó dhuine eile. Nuair a bhíonn mo mháthair ag comáint na gamhna deireann sí “preith” agus nuair a bhíonn an bhó sa t-slighe ar mháthair deireann sí “ceartuigh”. Nuair a bhíonn sí ag glaodhach ar na turcaithe deireann sí “bia, bia, bia”. Braighdeáin a tugtar ar na ceangalacha a bhíonn ar na ba agus ar na gamhna. Deintí na braighdeáin sin fadó ins gach tigh. Cró a tugtar ar an dtigh na mbíonn na ba istigh ann. Cuirtear aitean, fionán agus raithneach fé’s na ba. Itheann siad féar, coirce, agus prátaí. Stábla a tugtar ar an dtigh na mbíonn an capall istigh ann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síle Ní Laoí
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Bólas, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Máighréad Ní Mhurchadha
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Bólas, Co. Kerry