School: Cill Rialaigh (roll number 14988)
- Location:
- Cill Rialaigh, Co. Kerry
- Teacher: Séamus B. Ó Lúbhaing
![The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 473](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0478%2FCBES_0478_473.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 473
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus leathan sé ar na leabthacha é. Nuair a bhíonn an t-aoilleach leathta ar na leabthacha go léir ag m’athair geibheann sé na sciolláin agus cuireann sé isteach i mála cuid acu agus tugann sé go dtí an garraidhe. Leathan m’athair na sciolláin anuas ar an aoilleach a bhíonn leathta ar an na leabthacha. Bíonn ceithre cinn de sciolláin ar leithead na leapa, agus bíonn na sciolláin leath-throigh ó na chéile. Taosgann Pádraig an chré ón gclais le sluasaid agus clúdhuigheann sé na sciolláin leis. Nuair a bhíonn na gais cúpla órlach ar aoirde cuireann m’athair giobhana ortha. Is amhlaidh a cheannuigheann sé an giobhana sa chathair. An fhaid a bhíonn m’athair ag cur an giobhana ortha, bíonn Pádraig ag taosgadh na cré leó. Nuair a bhíonn na gais mór deineann m’athair iad a spragháil le cloch ghorm ar eagla go dtiocfadh an dubh ortha. Baineann m’athair na prátaí nua i dtosach an fhóghmhair.(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Bólas, Co. Kerry
- Informant
- Mícheal Ó Séaghdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Bólas, Co. Kerry