Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)
- Suíomh:
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus B. Ó Lúbhaing
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus leathan sé ar na leabthacha é. Nuair a bhíonn an t-aoilleach leathta ar na leabthacha go léir ag m’athair geibheann sé na sciolláin agus cuireann sé isteach i mála cuid acu agus tugann sé go dtí an garraidhe. Leathan m’athair na sciolláin anuas ar an aoilleach a bhíonn leathta ar an na leabthacha. Bíonn ceithre cinn de sciolláin ar leithead na leapa, agus bíonn na sciolláin leath-throigh ó na chéile. Taosgann Pádraig an chré ón gclais le sluasaid agus clúdhuigheann sé na sciolláin leis. Nuair a bhíonn na gais cúpla órlach ar aoirde cuireann m’athair giobhana ortha. Is amhlaidh a cheannuigheann sé an giobhana sa chathair. An fhaid a bhíonn m’athair ag cur an giobhana ortha, bíonn Pádraig ag taosgadh na cré leó. Nuair a bhíonn na gais mór deineann m’athair iad a spragháil le cloch ghorm ar eagla go dtiocfadh an dubh ortha. Baineann m’athair na prátaí nua i dtosach an fhóghmhair.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bólas, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bólas, Co. Chiarraí