School: Windgap, Thomastown (roll number 5698)
- Location:
- Windgap, Co. Kilkenny
- Teacher: Bean Mhic Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó, agus bhí sé ag dul abhaile ó'n aonac. Bhí an dorcadas ann, agus bhí capall bán agus cárr aige. Ar a slíghe dhó abhaile chonnaich sé bhean ag siubhal ar tháobh an bhóthair. Ní raibh fhios ag an bhfear cérbh í, nó cérbh as dí, ach d'fhíafruig sé dí a raghadh sí isteac sa chárr, agus go chúaidh, ámh.
Ach, dár ndóigh, nuair a bhíodar ag dul thar cnoc, thosnuigh an capall ag chur alluis.
"Cad tá tar éis teacht ar an gcapall," ar seisean
"Is dóigh liom go bhfuil sé ana thuirseach."
"Mhaise," arsa an bhean, "na bach san. Rud maith iseadh é tú a íarraidh orm dul ins an gcárr, mar bheitheá marbh maroin amáireach, ach tráth is gur dhein tú an tairbhe so, ní marbhóchaidh mé ar ao'char thú. Ach má cloiseann tú an capall so ag déanamh aón sórt fothrim 'san oidhche ar d'anam ná bac é."
Ar an bpoinnte boise thúirling sí ar an gcárr, agus d'imthig as amharc. Chúaidh an fear abhaile agus é ag crith. I gcaitheamh na h-oidhche chúalaidh sé an chapall ag deánamh fothrom mór, ach níor chuir se aón súim ann. Ach mairoir amárac nuair a chúaidh sé chun an stábla, cad a bheadh ann roimis, ach an chapall sínte fúar marbh ar an dtalamh. D'airigheas dáoine 'ghá rádh(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Seaghadha
- Gender
- Female