School: St Brigid's Convent, Goresbridge (roll number 15695)
- Location:
- Goresbridge, Co. Kilkenny
- Teacher: Sr. Aibhistín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tighearna Talmhan a bhí in a cómhnuidhe mar a bhfuil teach Caisleán Uí Ceallaig anois. Tearánach b'eadh é go raibh an-chomhacht aige i gcuirabh dlighe le linn an droch-shaoil. Bhí fear á thriall i gCill Coinnig lá agus dubhairt an tighearna so go saorach sé é nó mara saorach go n-ithfeadh sé a bhróg. Chuaidh sé go dtí an cúirt agus chuir se a chuid cómhachta agus caimil-eacht ag obair. Saor sé an priosúnach ach má saor thuit sé d'á chapall ag filleadh abhaile agus fuaireas séacht marbh é ag "áth mó lag" agus a bhróg in a bhéal.