School: Droichead na Ceathramhna

Location:
Bridgecartron or Derrycashel, Co. Roscommon
Teacher:
S. Pléimeann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0232, Page 304

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0232, Page 304

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Droichead na Ceathramhna
  2. XML Page 304
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí fear dár b'ainm Brian in a chomhnuidhe i gConndae Shligigh uair amháin.

    (continued from previous page)
    mbainis. Bhí fleadh agus féasta mór ag na daoine ins an bpálus. Bhíodar ag rinnce agus ag seinm ceóil chómh maith, agus bhí cuid aca ag ól fíona agus uisce-beatha.
    Bhí Brian agus na sídheoga ag éisteacht leis an gceól agus ag rinnce dóibh fhéin. Bhí na sídheoga ag iarraidh an cailín a thabhairt dóibh fhéin mar bhí sí an-ghalánta ar fad.
    Ar dtús chuaidh Brian amach i bpáirc agus do bhailigh sé biorraigh go leór. Tháinig sé ar-ais arís annsin. Do thosuigh cuid de na sídheoga ag damhsa agus thosuigh gach rud d'á raibh i seomra na sídheoga ag damhsa freisin, ach níor chuala na daoine a bhí ag an mbainis iad, mar bhíodar ag damhsa agus ag seinm ceóil freisin.
    Bhí an cuid eile de na sídheóga ag obair go cruaidh ag cur snaoise, piobair agus amharaig ins na biorraigh. Nuair a bhí na biorraigh líonta aca, do shéid siad isteach ionnta agus do chuir siad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máiréad Ní Thóibín
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Ballyfarnon, Co. Roscommon
    Informant
    Aindreas Ó Conchubhair
    Gender
    Male
    Age
    70
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Ballyfarnon, Co. Roscommon