School: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (roll number 8499)
- Location:
- Runnamoat, Co. Roscommon
- Teacher: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag munadh an Fíor Creidimh dos na duainibh bhí roilic? ann insan áit sin & cuirtí na daoine annsúdh. In aice na h-áite sin bhí sean bhean in a comhnuidhe. Tharla lá gur tháinig an Naomh Pádraig don áit sin & nuair a chonnaic sé an roilic do thug sé a beannacht dó.
Bhí a sean bhean ag féachaint air ag déanamh an ghnímh sin. Casadh an Naomh. Chonnaic sé a sean bhean & do labhair sé léithi & dubhairt sé "Nuair a gheobhaih tú bás ní bheidh turas fada le déanamh agat. Is dócha go gcuirfear ins an roilic seo"?.
"Ní bheidh ar sise ag magadh faoi.
Do shín sí amac maide a bhí fén a asgal aice a baineadh sí usáid as an maide sin nuair a bhíodh sí ag déanamh lín éadach & dubhairt sé ag teasbaint an maide dó. "Faid an maide seo fé dhó".
Tháinig cutach feirge ar an Naomh & dubairt sé "Nuair a chuireas tú acht an meid suime i mo chuid oibre beidh turas níos fuide le déanamh agat. As go brach leis an Naomh annsin go dtí gur shrois sé Cnc Furáin & nuair do leag sé súl air do líonadh a croidhe le grádh leis an áit sin. Do chuir sé Teampul & roilic ar bun annsúd.(continues on next page)- Informant
- Brian Brún
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Kiltultoge, Co. Roscommon