School: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (roll number 8499)
- Location:
- Runnamoat, Co. Roscommon
- Teacher: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley
- XML Page 013
- XML “Scéal Eile”
- XML “Teach tré Thine”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)act amháin na foclai seo "Cén súil ar leag tú orm i dtosach" & dubhairt sí leis an tsúil chlé d'ardaigh sé an fip agus bhuail sí í insan súil sin leis & ón lá sin go dtí lá a báis bhí sí dall.
- Reamh-Rádh
Bhí teach mór maordha álainn i sráid bhaile Roinn-a-mhóta in aice na sgoile seo. Fadó bhí comhnuidhe ar fhear darbh Colonel Chichester ann. D'fhág sé slán leis an tír seo & chuir sé faoi i Sasana mar bhí caisleán agus feirm mór aige freisin san tír sin. Amannta thagadh sé ar ais chun a cuairte a dhéanamh ann. San mbliadhain nuair a bhí troid ar siul idir Free States agus Republicans doigheadh an teach seo.
Bhí saighdiuirí ann agus an mhaidin nuair do chuaidh sé tré teine d'fagadar é. De réir barramhla na ndaoine is dócha go raibh rian "petrol" ar na h-urlaraibh & gan smaoined gur las ceann eigin des na fearaibh cipín cun tobac a chaiteamh & nuair do chaith sé é uaidh bhí sé lasta in gan fhios do.(continues on next page)