School: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (roll number 8499)
- Location:
- Runnamoat, Co. Roscommon
- Teacher: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cur síos air.
Lá breágh, gréine, buidhe, brothallach do bhí ann, an dara lá de Mí Iúil 1922. Bhí an spéir gorm glan gan sgamall : Bhí na h-éininí ag cur a gcroidhe amach le teann áthais; ní raibh puth as aer nuair do chuaidh an teach tré thine.
Lá Domhnaigh do bhí ann freisin & bhí cuid is mó des na daoinibh insan gceanntar ag an dara Aifreann.
Ag teacht amach dóibh tháinig iongadh an domhain ortha nuair airigeadar an deatach ag eirigh anuas as an gcoill thart timcheall an tighe. Shíleadar i dtosach gur stabla do bhí trí teine acht nuair d'éirigh na flamaí san aer do ritheadar fé dhéin na h-áite acht ní raibh aon maitheas ann, bhí an teach go léir tré teine.
Ar feadh an lae bhí torran uathbásach le cloiteál ón na flámaibh agus bhí na splanceanna ag tuitim in a timcheall.
Ghabh uamhain an domhain ortha leis an radarc uathbásach sin. Tháinig an tráthnóna bailigeadh plód mór daoine on gach aird agus iad in a seasamh gan focal asta.(continues on next page)