School: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (roll number 8499)
- Location:
- Runnamoat, Co. Roscommon
- Teacher: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag dul thar claidhe d'amharc sé féin in a thimcheall & chonnaic sé an duine ait ag teacht in a ndiaidh. Níor bhreatnuigh sé siar uaidh gur shroiseadar an teach. Tháinigeadar cúca féin annsin & d'féacadar thar n-ais & ní raibh le feiceáil acht ní fhacadar acht solus beag in ionad an duine.
Sin an sgéal a bhailigh sé ón Séamus Connolly.
Bliadhanta o shion bhí comnuidhe ar bhó sideóg ann. Go han bhocht ar fad bhí na daoine ins an sráid bhaile & nuair d'airighdear an bhó théigidís gach lá le cannaí & bheireadh an bhó bainne dóibh. Is cuma cén soitheach a bhíodh acu bhíodh sí indhon é a líonadh.
Thosuigheadar ag maoidheamh, ag moladh na bo, a rádh ní raibh a leithéid ar druim an domhain & ní raibh deire leis an meid mbainne a bhí aici.
Chuala droch-fhear an cainnt sin, & dubairt sé go bhfuigheadh sé soitheach & ní bheadh an bhó abalta é a líonadh. Isteach leis in a theach-sa. Fuair sé "sieve" & súid ar aghaidh leis go dtí an áit in a raibh an bhó buin.
Thosuigh sé ag crúdh na bó. An fhaid a bhí sé ag déanamh an droch-ghníomh sin(continues on next page)- Collector
- Tomás Ó Finnegáin
- Gender
- Male
- Informant
- Séamus O' Connolly
- Gender
- Male
- Address
- Runnabackan, Co. Roscommon