School: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (roll number 8499)
- Location:
- Runnamoat, Co. Roscommon
- Teacher: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Nuair a bhí an Naomh Iosaef, an Maighdean Muire, agus Íosa Críost ag teiceadh on fhearg an Herod bhí turas fada le séanamh acu sul a shroisfidis Egypt.”
Reamh-Rádh
Chuala mé an sgéal seo on sean-fhear Pádraig Mac Cormac a fuair bás bliadhanta o shion.Sgéal
Nuair a bhí an Naomh Iosaf, an Mhaighdean Mhuire & Íosa Críost ag teitheadh on fhearg an Herod bhí turas fada le déanamh acu sul a shroisfidis Egypt.
Aimsear fuar, seacamhail do bhí ann & tar éis an lae bhíodar caithte tnáithte, Ní raibh teach nó bóthán le feiceáil & bhíodar i gcruaidh cás.
Thosuigheadar ag guidhe & tar éis tamaill eile d'airigeadar solus beag i bhfad uatha.
Do dhruideadar fé dhéin an soluis sin & chonnaiceadar teach beag. Do chnagadar ar an ndoras & tháinig bean amac. Ní raibh le feiceáil istigh ach cliabhán.
D'fhiafruigheadar dí an dtiubhradh sí lóistín dóibh ar feadh na h-oidhche.
Ghabh uamhan ar an mnaoi. Bhí fhios aici go maith go mbeadh fearg an domhain ar a chéile.(continues on next page)- Informant
- Pádraig Mac Cormac
- Gender
- Male