School: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (roll number 8499)
- Location:
- Runnamoat, Co. Roscommon
- Teacher: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal Eile (continued)
“Bhí fear ins an gceanntar seachtmad bliadhain o shoin agus an t'ainm do bhí air "Páidín na haiteanna".”
(continued from previous page)tighe ag obair ar an bhfeilm.
D'fhan Páidín ins an gcistín an fhaidh a bhí sí imtighthe & nuair a d'fhill sí arís ní raibh taisc no túairisc le fághail Paidín no ar an naoidneán. Do ghlaoidh sí ar a céile & as go bráth leo ar a lorg.
D'fhiafruigdear de na comharsanaibh an bhfachadar E & d'innisdear dóibh go bhfachadar E ag triall i dtreó na ndun i Roinna-bruiceán .
Bhí fudar an domhain ortha & do thug na comharsain cabhair dóibh.
Tháingedar suas leis in aice leis na dúnaibh & chonnaiceadar go raibh an mála lán.
B'éigin do Páidín an mála a osgladh & bhí an naoidhneán istigh ann.
Thugadar leo é abhaile & ní fhachadar Paidín on lá sin amach.- Informant
- Pádraig Ó Fithcheille
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Feirmeoir