School: An Dúinín (roll number 4444)
- Location:
- Dooneen, Co. Cork
- Teacher: R. Ó Motharua
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Dúinín
- XML Page 128
- XML “Tobar na gCat”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá tobar beannuighthe eile annso leis. Tá sé suidhte ar thaobh chnuic i mbaile-fearann Bán Íseal, timcheall céad a caogad slat síar ós na míanaí umha nach úsaidtear anois. Tá sean-roilig gairid do'n áit na gcuirtí daoine a gheibeadh bás le linn na bpéin-dlighthe. Tá falla garbh gan moirtéal tógtha 'na thimcheall agus leac mór á chlúdú.
Ós a cionn agus beagáinín siar uaidh, tá altóir (2' x 3' x 2') agus léightí Aifreann air fadó in aimsir na bhpéin dlighthe. D'réir scéalta na sean-daoine, cítí dhá chat bhán 'na suidhe ar gach taobh de'n tobar agus sin é cúis na h-ainme. Ní dóichighe gur tobar naomhtha é riamh, ach toisg Aifreann bheith á rádh ar a bharr agus cuireadh na daoine an-spéis ann. Tá sé clúduithe le driseóga atá go tuigh ann anois. Ní gearrfar iad seo mar rud mí-ádhmharach a bheadh déanta, Dá ndeanfaí a leithéid. Óltar uisce an tobair, ach ní usáidtear in aon slighe eile é. Uair amháin do nigh bean éadaighe san tobar agus rith sé in dísc.- Informant
- Seán Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Bawnishall, Co. Cork