Scoil: A Cnoc Buí, Drom Dhá Liag (uimhir rolla 9588)
- Suíomh:
- Knockeenbwee Lower, Co. Cork
- Múinteoir: Dd. Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Loch Bó Finne"
Trí mhíle soir ó Beann Traighe atá Loch Bó Finne. Loch cuibhreach mór atá ann.
Bhí feirmeoir beag 'na chomhnaidhe uair ar chuimeas an locha agus is beag de ghustal an tsaoghail a bhí aige. Thárla maidin Samhraidh gur tháinig maol dubh isteach 'na mhacha (maol - sin bó gan adharca)
Choimhéad sé í agus i gcionn seacht mbliana bhí seachtar laoi aici cosúil leí féin. Maidin Bealtaine thug ceann díobh spréach don bhuicéad nuair a bhí an feirmeoir á chrúdh, agus dhoirt sí an bainne go léir. Thug sé cúpla buille don stól os treasna na h-easnaidheacha. Bhí go maith gur leig sé na ba amach, ach annsan léig an tsean-maol géimh aistí sa mhacha, agus síos léi agus an seachtar inghean go dtí an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Diarmuid Ó Ceallaig
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dromasta, Co. Cork