School: Cill Mhic Eoghain (roll number 9848)
- Location:
- Kilmackowen, Co. Cork
- Teacher: Domhnall Ó Hurdail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí athair mo sheana athar ana laidir ar fad. Sé an aimn a bhí air ná Pártolán Mac Amhlaibh. Bhí sé in a chómhnuidhe i gClais leath mhile on sgoil seo. Do thuit an sgeal so amac tímceall seactmhadh bliadhna o shoin. Nuair ná raibh aon bothar ag dul suas go dtí Clais, níor raibh aon cár ábhalta ar dul suas go dtí an áit sin. Bhí ar na sean-daoine na malaí mine, na malaí plúr agus alán ualaighe troma mar sin a thógaint suas go dtí Clais. Lá dá raibh mo sheana-athair i Bailechaisleáin do thóg sé mála plúr ón chrois atá ar an dtaobh shiar de'n sgoil seo suas go Clais agus thóg sé dhá cloch meadhchain de plúr donn ar an láimh eile. Tá Clais timceall ceatharmhadh mile ó'n sgoil. Do thóg sé na málai plúr suas an staighre. Níor leig sé a scíth ar thaobh an bhóthair in aon chor nuair a bhí sé ag iompar na málaí. Lá amháin bhí mo sheana athair go Dhádhrom[?] Bhí capall agus truchaill aige Bhí sé deanac sa tráthnóna nuair a bhí sé ag teacht abhaile. Bhí fear eile in(continues on next page)
- Collector
- Páidrigín Nic Amhlaibh
- Gender
- Female
- Address
- Eyeries, Co. Cork
- Informant
- Micheál Mac Amhlaibh
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Eyeries, Co. Cork