School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 041

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 041

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 041
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Suas le ceithre fichid bliadhain ó shoin bhí duine bocht...

    (continued from previous page)
    Ba mar a chéile é mar ní raibh aon bheann ag Paddy orra. Creid na daoine go raibh cómhacht draoídheachta aige agus ní foláir nó go raibh mar níor labhair aon gadhar riamh air pe'cu maistíg é no gadhar macánta. Deirtear gurbh amhlaidh do rithidís na choimmibh ag deanamh caradas agus muinnthearas leis, ghá shlíobadh agus ag léimrig ináirde air. Deirtear leis do ndeanfhadh cat fothrom mhór ag siúbhal seacas é, agus go dtéígheadh sé isteach ins na seómraí codhladhta in a mbiodh fear an tíghe agus bean an tíghe na gcodhladh go mbainfheadh sé na fainní óir anuas de mhéireanna na mban, go mbainfeadh sé na pearlaí agus na fainní óir a bhíodh ar a gcluasa agus ar a muinníl anuas díobh, go nosclfhadh sé na trúncanna a bhíodh istig fé an leabaidh acu, go naimsígheadh sé an tairgeadh a bhíodh fuaidhte istig sa toct acu agus do n'árduigheadh sé leis iad, go mbíodh sé tar éis éalódh amach as an dtig agus na mílte slíghe curtha de aige sar a n-duisíghdís. Níor bhiongnadh go raibh eagla orra roimis agus go raibh féirín mhaith le fagháil ag an té 'neósfhadh cá raibh ionad cómhnuidhthe Phaddy.
    "Ach dá fhaid é an lá thagann an oidhche" agus ar nós an mhada-ruaidh dá fhaid a bheireann sé na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish