School: Caolchoill (roll number 16087)
- Location:
- Kealkill, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Laoghaire
![The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 042](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0283%2FCBES_0283_042.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 042
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caolchoill
- XML Page 042
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Suas le ceithre fichid bliadhain ó shoin bhí duine bocht...”
(continued from previous page)chosa ós na cunaibh beirtear air sa deire.
Bhí sé do dhíth-céille ar Phaddy gur thug sé fé thig an t-Sagairt-Paróisde do robáíl aon oidhche amháin. Bhíothas ag eirighe leis go maith go dtí san. Sé an áit go raibh cómhnuidhe ar a Sagart Paróisde an uair úd ná ar an Inse-Cloch san áit 'na bhfuil an scoil náisiúnta anois. Ghlaoidh mo ghadaidhe chuige agus deirig leis gach rud gur bhfiú a thógaint d'ardúghadh leis.
Bhí san go maith act nuair d'eirig an Sagart ar maidin agus chonnaic sé ná feádfhadh a thig féin dul saor ó'n robálaidhe ní h-aon guidhe fóghanta do chuir sé na bhóthar. An lá san sé an rud do bhí i mbéal gach éinne ná conus mar ar robáladh tig an t-sagairt. Dubhairt gach einne ná féadfhadh sé rud ba mheasa ná san do deanamh agus bhíodar gac duine dhíobh ollamh ar geall do chur síos ná ragadh Paddy Magee i bhfad go mbearfaí air.
B'fiór dóibh. Ist oidhche amáireach glaoidh sé chum tighe an Bhároideach a bhí ar an gCarraig-an-eas. Fear dob eadh an Bharóideach a bhíodh a tógaint agus ag bailiúghadh cíosa do Thígearna Chinnmara agus Tighearnaí talmhaim eile go raibh tionnóntaighthe acu sa(continues on next page)