School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 043

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 043

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 043
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Suas le ceithre fichid bliadhain ó shoin bhí duine bocht...

    (continued from previous page)
    cheanntar so. Nuair tháinig sé abhaile an oidhche sin agus nuair bhí a shuipéar itte aige chuaidh sé a chodhladh go luath mar bhí sé taréis cúrsa fadha do chuir de an la ceadhna. Cé go raibh tuirse air tar éis an lae mór thuit néal codhladhta air nuair shín sé sa leabhaidh. Bhí sé amuigh leis féin mar bhí cuid des na tionnóntaighthe ná raibh airgead acu le haghaidh an chíosa nuair ghlaoidh sé cúcha an lá san. Tímcheall a h aon a chlog do bhraith sé go raibh duine éigin ag iarraidh ceann de's na fuinneóga d'oscailt. Bhí a ghuna ar bórd beag le hais na leapthan aige. Thóg sé na láimh é agus shiubhal sé go h-eadhtrom siós an staighre. Doscail sé doras an pharlúis go mall réidh. Bhí an laisde bainnte de'n bhfuinneóig ag an ngadhaidhe an uair úd. Do chaith an Baróideach leis agus theith sé leis féin.
    Chuir an Baróideach an pléar trí na ghualainn cé ná raibh fhios san aige an uair sin. Ní baoghal gur fhill Paddy an oidhche sin. Go deimhin bhí a mhalairt de churam air. Ar maidin connaic an Baróideach rian na fola ar an gcasán atá ón dtig suas go dtí an bóthar. Chuir sé iarraidh ar na píléirí láithreach agus leanadar rian na fola do ndeachadar chómh fada leis an gCumar. Annsan istig i mbéilic iseadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish