School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 081

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 081

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 081
  3. XML “Dónall Cam”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fághaltha ag Dómhnall ar an bhfear eile. Bhí greim ar phíoban scórnaighe aige air agus é ag fásgadh an anama amach as nuair d'airig sé na saighdiúirí an staighre ináirde chuige.
    D'airigheadar san an fothrom go léir agus dá mhéid meisge do bhí orra bhí fhios acu go raibh rud éigin bun os cionn san t-seómra san. Ach ní raibh buaidhte ar Dhómhnall fós. Choinnibh sé greim ar scórnaig air agus thairig sé leis chum na fuinneóige é. D'oscail sé an fhuinneóg agus amac tríthe do chaith sé an cladhaire do mhairbh a bhean
    Chuir san deire le fuadach St Ledger. Bhí na saighdiúirí an doras isteach chuige agus bhí sé teanntuighthe aca nách mór ach bhí a fhíos aige cad é an choir do bhí i ndán do dá mbéarfaí air.
    Pé chríoch bhearfhadh é níor oir do go mbéarfhadh na saighdiuirí air. Léim sé amach tríd an fhuinneóig isteach sa tuille. Tóg an tuille léi é leath chéad slat nó mar sin agus caitheamh amach ar an mbanncán é. D'aimsig sé an capall agus siar leis fé dhéin Beanntraighe. Deirtear gur ghluais na saighdiúirí ar a thóir chómh luath agus do gheal an lá, act toisg na cruidhte do bheith iompuighthe agus curtha ar tuathal fé'n gcapall gur cheapadar go raibh sé imthighthe soir.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. O'Sullivan Beare (~30)
    Language
    Irish