School: Baile Mhúirne (B.) (roll number 15346)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Buachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (B.)
- XML Page 126
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí feirmeoir i mBaile-Mhúirne fadó, agus bhí mórán stuic aige. Do bhí beithidheach óg aige agus rug sí. Gach aon mhaidean nuair a thugadh sé isteach í chun í chrúdhadh do bhíodh sí crúidhte roimis ach cheap sé gurab' iad na ba eile a chrúdh í.
I gcionn tamaill buaileadh breoidhte í is fuair sí bás. Tímpeall mí na dhiaidh san do bhí an feirmeoir a' teacht abhaile ó bheith a' sgoruidheacht agus bhí lios sa bhfeirm.
Nuair a bhí sé a' gabháil thairis an lios do chonnaic sé a bheithidheach féin
do dhein sé iarracht ar bhreith uirthe ach ruith sí isteach sa lios uaidh. Do ruith sé isteach na diaidh agus is amhaidh a bhí tig breágh istig roimis agus deineadh bean de'n beithidheach, dubhairt sí leis gur fuaduigheadh í féin, gurab' amhlaidh a bhí sí na bhó sa ló agus na(continues on next page)