School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí buachaill ann fadó agus do bhí sé ingrádh le cailín deas. Bhí duine acu ar aon taobh amhá[in] de’n abhainn agus an duine eile ar an dtaobh eile de’n abhainn.
Bhí an cailín breóite ar feadh seachtmhaine agus cheap an buachaill ná raibh aon baoghal báis uirthe. Aon lá amháin do bhí sé ana fhliuch agus chuaidh an buachaill ag iasgaireacht agus do chonnaic sé rud éigin i bfuirm púca agus níor chuir sé puinn suim ar an bpúca. Do rug sé ar mórán eisg agus an oidhche sin chuaidh sé a chodhladh agus ní raibh aon suas staighre acu.
Seómra beag a bhí aige síos cun codhlata. I lár na h-oidhche do dhúisig sé agus d’airig sé cnag ar an bfuinneóg agus do bhí an cailín tar-éis bháis. Do bhí an cailín ins na púcaí agus ní raibh a fhios san ag an mbuachaill in-aon-chor mar cheap sé go dtiocfhadh sí amach as an breóiteacht airís. Nuair a tháinig as maidin do cuireadh an sgeul cun an mbuachaill go raibh an cailín tar-éis bháis agus chuaidh an buachaill soir(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Scannaill
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Cork
- Informant
- Dómhnall Ó Scannaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Cork