School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí beirt fear na gcómhnuidhe i gCorcaig fadó tímpeall dathad bliadhain ó shoin agus do bhíodar ag obair i gcóir feirmeóir. Aon la amháin do bhí an bheirt acu amuigh sa pháirc ag treabhadh agus tháinig duineéigin isteach sa pháirc cúcha agus níor aithnigheadarn-aon-chor é.
D'fhiafhruig sé dhíobh cad é an obair a bhí á dhéanamh acu agus do thosnuig an bheirt ag gáirídhe agus níor thaithn san leis an bfear in-aon-chor. Do chuaidh sé suas go dtí an feirmeóir agus d'innis sé an sgeul go léir do agus thosnuig an feirmeóir ag gáirídhe leis. Ansan do tháinig fearg air agus dubhairt ná raibh aon ceart ag an bheirt bheith ag gáirídhe.
D'iarr an fear ar an feirmeóir obair do thabhairt do agus do thug sé do é. Dubhairt sé leis dul isteach sa pháirc leis an mbeirt eile agus dul ag obair leó.
Do chuaidh sé isteach sa pháirc agus nuair a chonnaic an bheirt acu é do thosnuigheadar ag gáirídhe agus do thugadar an treabhadh dho agus chuadar go dtí an feirmeóir(continues on next page)- Collector
- Brighidh Ní h-Iarfhlaithe
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Síle Bn. Uí Mongáin
- Gender
- Female
- Age
- 72