Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 021

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 021

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 021
  3. XML “An Buachaillín Glic agus an Óinseach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní raibh ach tigín cinn tuighe achu agus bé sin an tigín ba slachmhaire dá raibh ins an áit sin mór tímpeall na h-áite mar do coiméadhfhadh an mháthair go deas glan é leis.
    Do bhí cúig cearca acu agus leat acra talmhan agus do bhíodar ana cómpordach ar fad.
    Do bhí an cíos ana árd ar fad ortha agus bin rud nár theastuig uatha mar do bhíodar bocht agus gan pioc acu chun maireachtaint as.
    Lá amháin do chuaidh an buachaill amach agus ní bhfuair sé pioc ac rud rudín beag suarach agus amach san laé do bhí an t-ocras ag goilleamhaint ortha.
    Ansan dubhairt an buachaill len na mháthair go rádhadh sé féin amach agus do dtabharfhadh sé rud éigin isteach cútha mar go bhfaidhidís go leis bás leis an ocras.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Loinghsigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Loinghsigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Gort na Tiobratan, Co. Cork