Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní thabharfhadh sí aon pingin in-aon-chor d'aoinne agus ní thabharfhadh sí aon-rud leis dos na daoine bochta agus do bhí shaoghal breág aice.
Do bhí sí ana shaidhbhir ar fad agus ba mhaith leí pósadh le fear breágh mór saidhbhir leis.
Ba mhaith leí go mbeadh sí saidhbhir an fhaid a mhairfhidh sí agus go mbeadh shaoghal maith aice.
Do bhíodh na cómharsain nd'iarraidh cleamhnas eigin do dhéanamh leí féin agus fear eile.
Do bhí teínncéir ag gabháil an treó san tímpeall na h-áite san agus ní raibh sé ró olc in-aon-chor mar sin féin. Do thosnuig cúpla duine san comharsanacht ag déanamh cleamhnas do'n bean san leis an teinncéir.
Do bhí sé ag gabháil tímpeall na h-áite sin agus do bhí sé tagaidhthe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Loinghsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Loinghsigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Gort na Tiobratan, Co. Cork