School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do chómhnuig bean i mBaile Mhúirne fado tímpeall ceád agus a triochadh bliain ó shion agus bean ana aérach ab'eadh í leis.
Bhíodh gach lá ag obair go dían agus ní raibh puinn rudaí in-aon-chor le deánamh ach do bhíodh rud éigin aice á dhéanamh aice i gcómhnuidhe Bhíodh na daoine go léir ag magadh fé'n bhean san i gcómhnuidhe.
Bhíodh sí i na suidhe tímpeall a leath h-uair tar-éis a cúig nú uaireannta roimh eiríghe gréine agus bhíodh na daoine á rádh ná raibh aon chiall ag an bhean ach do bhí go deimhin agus ansan do taghadh na daoine dhá bhfiosarúghadh úaireannta.
Do bhí an bhean san pósta leis agus do bhí tig breágh cómhnuighthe aice ar feadh a shaoghal go léir.
Bhíodh sí gach lá ag dul ó áit go h-áit agus do téigheadh sí ó lios go lios leis ar feadh cuid mhaith de'n aimhsir leis.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Iarfhlaithe
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Pádruig Ó Luasaig
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Address
- An Cheapach Thoir, Co. Cork