School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)
- Location:
- Macroom, Co. Cork
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí Máthair Íosa ag teicheadh ó'n Eigipt leis an Leanbh Íosa, siubhail sí léi go tapaidh ar eagla go mbéarfadh na saighdúirí uirthe. Ní raibh acht sgathamh beag de'n bhóthar suibhalta Aici, ámh, gur cuala Sí torman na saighdiúir arís eile Connaich sí criathrach isteach Uaithe, criathrach a raibh geolcaigh mhóra fhada ag fás ar bhall annseo is annsúid ann.
Do chuaidh Sí isteach go ndeacha chúl paiste giolcach ann, go ndeacha i bhfolach ó na saighdiúirí. Go díreach nuair a bhí na saighdiúirí ag dul thart ar aghaidh na ngiolcach thosuig na giolcaigh ag craitheadh agus ag siosmarnac go gceapthá gur ag innseacht do na saighdiúirí go raibh duine éigin in a measg 'seadh bhíodar.
Bhí croidhe na Máthar agus gach uile "thú! thú!" aige le eagla go dtiocfadh na saighdiúirí isteach agus go ngabhfaidís A Leanbh. Sheas na saighdiúiri ar aghaidh na ngiolcach gur bhreathnuigheadar isteach acht sin a ndearnadar. D'orduigh an an caiptín dóibh bóthar a bhualadh. Leig an Máthair dóibh imtheacht as éisteacht sul ar corruig sí.
Ar dteacht amach ó chúl na ngiolcach do'n Mháthair 'seadh adubhairt sí:- "D'féadfadh sibh a bheith in bhur dtost an fhaid is bhí an Leanbh Íosa ar A chaomhamhaint in bhúr measg d'fhéadfadh sin" ar sise"
Níl aon lá fiú an lae is cúine dá mbeadh ann, nach gcloisfe an cluas ghéar siosmarnach brónach ag teacht ó ghiolcaig is chuma cá mbíd thoir ná thiar am éigin rith an lae. Bíonn [?]brón(continues on next page)- Collector
- Sighle Ní Thuathaigh
- Gender
- Female
- Address
- Macroom, Co. Cork
- Informant
- Mac Uí Chuíll
- Gender
- Male
- Address
- Macroom, Co. Cork