Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inchinarihen, Co. Cork
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrlinn
- XML Leathanach 082
- XML “Bunán - Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Áit iargúlach sléíbhteamhail i gCo. Ciarraighe iseadh Bunán. Tá sé in aice le Gleann Garbh in iarthar Corcaighe. Do chómhnuigh bean ann fadó agus do bhí sí ana bhocht ar fad. Do bhí clann mór aice, agus uair amháín do rugadh triúr mac di in aon bhreith amháin. Do cheap an bhean nach mbeadh sí ábalta iad do chothughadh agus go bhfuigheadh siad bás leis an ocras. Dubhart an sagart léi gan bheith ag cainnt mar sin in aon chor. Annsan dubhairt an sagart gur dtógfadh sé féin duine des na leanbhaí agus go dtógfadh duine eile an bheirt eile. Do deineadh san agus nuair d'fás an triúr aca suas do bhí gach duine aca in a naomh. Is iad na h-ainmeacha a bhí ortha ná Collóg, Colmóg, agus Fiachna. Do thóg gach duine aca Cill agus tá siad curtha in aice na háite sin. Tá Colmóg curtha i gCill Mac Colmóg [?] i gChaolcoill agus tá Fiachna curtha i dTeampaillín Fiachna i mBunán, agus tá Collóg curtha i gCollóg seacht mhíle ó Chaolcoill. Nuair a bhí an sagart ag báisteadh na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann