School: Drom Clúmhach (Dromclogh) (roll number 16246)
- Location:
- Dromclogh, Co. Cork
- Teacher: Riobárd Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Comharthaí ar athrú na h-Aimsire:-
Na spéartha dearg suas - feathrainn agus fuacht;
Na spéartha dearg soir - sneachta go glúin fir;
Na spéartha dearg siar - triomlach agus grian;
Na spéartha dearg síos - feathrainn agus gaoth. Tráth bíonn sé dearg thoir ar maidin, sin comhartha báistighe is gaoithe,
Tráth bíonn sé dearg thiar ag luighe na gréine, sincomhartha lae áluinn ar na bhárach.Tráthnóna dearg is maidin glas, comhartha d'áilneacht is teas.Ceó:-
Ceó soininne ar aibhnibh, ceó doininne ar chnocaibh,
Ceó i ndeire na gealaighe, feathrainn i ndeire an lae.
Tuar ceatha ar maidin, cioth am tráthnóna.
Samhradh ceódhach; Earrach reodhach; Fóghmhar grianmhar; Earrach rian-fhliuch.Sean-fhocla a bhaineas leis an aimsir:-
Níor chuaidh stoirm thar Domhnach riamh ná rabhartha thar Chéadaoin.
Gach 're lá ó lá le Brighde amach.
Báisteach ó Dhia chúghainn ach gan é bheith fliuch.
Agus cuid an lae 'máraigh go ndéanaidh sé anocht.
Ní bheidh sé ag báistigh i gcomnuidhe.
Bíonn ceann dubh ar gach Earraigh.
Nodlaig grianmhar a dheineann roilig bhiadhmhar.
Ní thig an fuacht go dtig an t-Earrach.
Is maith an cáirde lá fada Samhraidh.(continues on next page)