School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ó bhéal aithris Partolán Uí Dhuibhir, Ferimeoír Aos 77
Cill Mic Abaidh, An Leím.
An Ministir CaochSeo cuid de na bhearsaí a bhíodh ann fadó nuair a bhidís ag magadh féi na Sasannaigh:-
"D'fiafhruigheas de'n Mhinistir Caoch
Cé deinfead an tae in Ifreann
Dubhairt sé ná feadar sé feín
Ach go mbíodh sé feín ag séideadh an bhuilg dóibh
Agus go mbfearr leis na builg a bheith baoth
Ná a't-anam saor ó Ifreann- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Partolán Ó Duibhir
- Gender
- Male
- Age
- 77
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Kilmacabea, Co. Cork
- "GO KEEP YOU SO"Bhí fear go nglaodhaidh siad "Ivy" na chómhnuí theas ar an nDrom mar a bhfuil Seán Ó Súilleabháin anois, agus tíóránach Shasannach nó raibh aon ionntaoibh ann ó b'eadh é, bhí buachaill aige do glaodhadar Séámus Bán air, agus bíodh sé ag obair i dteannta Ivy gach aon lá. Pé scéál é do bhuaileadh Ivy breoíte agus do thagadh a' buachaill isteach gac aon maidin, féuchaint conus a bhíódh sé. Ceann de na maidineachaibh a thánaig sé isteach agus d'fiafruigh sé connus a bhí sé, agus dubhairt Ivy leis ná raibh sé ar foghnamh in aon chor. Dubhairt Séamus Bán "God keep you so" agus cheap sé go raibh an ceart aige á rádh leis mar ná raibh ach beagán béurla aige, agus rud éigin, mar(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male