School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhiodh an-eagla ar na daoine óg, is aosda roimh na marbhaibh mar creideadh siad go raib sé na gcumas maitheas nú díobháil a déanamh.Creideadh siad go mbíodh cuid ag dul timcheall, bhiad san na marbaibh a bhíodh ro mhaith cun dul go h-ifreann agus ná bhíodh maith a dhóíthin cun dul ar Neamh. Bhí sean nós ag na daoine a bheadh duine ag fágháil bháis sa tig - dhá bhuaiceas deag do lasadh agus iad do cur timcheall leaptan an bháis chun an diabhal do chosg. Creideadh siad nábh fhéidir leis an diabal na aon droch sprid briseadh isteach tré fáinne teine.D'fágaidís arán nú saghas eile bídh ar an mbórd nú leasmuigh de dhoras i gcóír an an duine geobhadh bas ar fead seachtmaine nu mar sin tréis bháis do.Nuair geibhedh duine bás tugad a chuid éadaigh do duine éigin le caitheamh agus béigean don duine a geobhadh an éadaig dul go dtí an aifreann agus an culaith eadaig sin air trí Domhnach indiaidh a chéile agus an -tuisce coisrighthe do crothadh ar an éadach ag paidir a rádh ar anam an duine mhairbh.Nuair a bhí duine ag fágháil bháis ní raibh se ceaduighthe(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Tadhg Ó Muirthuille
- Gender
- Male
- Age
- 86
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Kilfadeen, Co. Cork