School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mhic Abaidh, An Léim
- XML Page 167
- XML “Na Francaigh i dTeampall Mhírois”
- XML “Príomhscéal Chuan Dor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a bhí an lómhach go leír ithte acu atá ag fás mór thímcheall na carraige, fuaradar go léir bá leis an dtart. B'shin deire na franncaig roilge Mhidhrois ar an Dubha lic agus ní fheaca duine na daoraidhe aon franncach i roilg Mhídhrois riamh ó shoin.Bé an fáth gur chuir Seán Máíghistir Ó Coileáín na franncaig as an roilig i dtosach ná gur chuir duine éigin geall leis ná díbreóchadh sé iad fé mar a dhein píobaire na Gearmáine, ach do dhein.
ó Seán Mac Cárthaigh
Achadh Tobar - Do bhí long ó'n Spáinn ag teacht ó thaobh theas 'Mheiricá go dtí tí na Spáinne agus lán d'ór agus d'airgead á dtabhairt ag triall ar Rígh agus ar Rialuightheóírí (?) na Spáinne. Nuair a bhí sí leath slighe idir an Domhan thiar agus an Európ do thuit fear breóíte ar bhórd. Cúpla lá na dhiaidh sin do thuit fear eile breóíte indiaidh sin airís thuit fear eile agus an fuireann go léir in dhiaidh a chéíle, agus an captaen chómh maith leo, ach amháín an triúr ba shine ar bórd. Bhíodar go léír sínte amach ins na leabthacha agus ní rabhadar ábalta ar aon obair a dhéanamh, ach an triúr sláíntúil ag tabhairt aire dhóíbh, ag feistiú na luinge(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Sean Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Address
- Aghatubrid More, Co. Cork