School: Rinn Ó nGriana, Cuan Dor (roll number 6009)
- Location:
- Reenogrena, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cá rabhais ar feadh an lae uaim a bhuachaillín ó
Cá rabhais ar feadh an lae uaim a chumainn's a stóir
Bhíos ag fiadhach is ag iascach a mháithrín ó
Agus cóirigh mo leabaidh táim breóidhte go leórCad a bhí in do dhinnéar agut a bhuachaillín ó
Cad a bhí in do dhinnéar agut a chumainn's a stóir
Bhí nimh is iasc úr a mháithrín ó
Agus cóirigh mo leabaidh táim breóidhte go leórCad a fhágfair led mháthair a bhuachaillín ó
Cad a fhágfair led mháthair a chumainn's a stóir
Lán páirce de bhuaibh bána a mháithrín ó
Agus cóirigh mo leabaidh táim breóidhte go leórCad a fhágfair led dritheáir a bhuachaillín ó
Cad a fhágfair led dritheáir a chumainn's a stóir
Mo chú is mo ghunna a mháithrín ó
Agus cóirigh mo leabaidh táim breóidhte go leórCad a fhágfair led leanbhaí a bhuachaillín ó
Cad a fhágfair led leanbhaí a chumainn's a stóir
Tá an domhan fada fairsing is imthigidís leo
Agus cóirigh mo leabaidh táim breóidhte go leór(continues on next page)- Informant
- Seán Ó hAodha
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Occupation
- Iascaire
- Address
- Cregg, Co. Cork