School: Pádraig Naofa, Droichead Banndan

Location:
Bandon, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Faoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0314, Page 048

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0314, Page 048

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Pádraig Naofa, Droichead Banndan
  2. XML Page 048
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá amháin bhuail buachaill beag óg isteach ag triall ar tháilliúir. Bhí culaith gorm ar an mbuachaill. Deallrugheann sé ná raibh aon ró-fháilte ag an dtáilliúir roimis. Seo mar a labhair an tailliúir leis.
    "An tusa an bhuachaill beag gorm. (beag orm)".
    Thuig an garsún gur "beag orm" a bhí na chroidhe aige dhó agus thug sé an chainnt seo mar fhreagra air.
    "Ní lúgha leat é ná é thú."
    II
    Uair amháin bhí amadán 'na chómhnuidhe i bparóiste inaice Droichead na Banndan. Lá bhí sé ar mhuin chapaill agus chas sé leis an sagart.
    "Tán tú ag treabhadh romhat, a Thomáis", arsan sagart leis.
    "Táim agus tusa ag fuirreadh im' dhiaidh" arsa Tomás leis an sagart - mar thuig sé go raibh an sagart a d'iarraidh bheith ag magadh fé.
    III
    Chuir bean ceist ar bhean eile lá cionnus a bhí duine éigin a bhí breoidhte sa comharsanacht. Nuair a fuair sí an cúntas dubhairt sí:-
    "Muise, a laogh níor gheall Dia do bheith 'na shagart
    Ná Cóta Críosd a chaitheamh."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
      2. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish