School: Pádraig Naofa, Droichead Banndan
- Location:
- Bandon, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Faoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amháin bhuail buachaill beag óg isteach ag triall ar tháilliúir. Bhí culaith gorm ar an mbuachaill. Deallrugheann sé ná raibh aon ró-fháilte ag an dtáilliúir roimis. Seo mar a labhair an tailliúir leis.
"An tusa an bhuachaill beag gorm. (beag orm)".
Thuig an garsún gur "beag orm" a bhí na chroidhe aige dhó agus thug sé an chainnt seo mar fhreagra air.
"Ní lúgha leat é ná é thú."II
Uair amháin bhí amadán 'na chómhnuidhe i bparóiste inaice Droichead na Banndan. Lá bhí sé ar mhuin chapaill agus chas sé leis an sagart.
"Tán tú ag treabhadh romhat, a Thomáis", arsan sagart leis.
"Táim agus tusa ag fuirreadh im' dhiaidh" arsa Tomás leis an sagart - mar thuig sé go raibh an sagart a d'iarraidh bheith ag magadh fé.III
Chuir bean ceist ar bhean eile lá cionnus a bhí duine éigin a bhí breoidhte sa comharsanacht. Nuair a fuair sí an cúntas dubhairt sí:-
"Muise, a laogh níor gheall Dia do bheith 'na shagart
Ná Cóta Críosd a chaitheamh."