Scoil: Pádraig Naofa, Droichead Banndan
- Suíomh:
- Droichead na Bandan, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Faoláin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0314, Leathanach 048](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0314%2FCBES_0314_048.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0314, Leathanach 048
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin bhuail buachaill beag óg isteach ag triall ar tháilliúir. Bhí culaith gorm ar an mbuachaill. Deallrugheann sé ná raibh aon ró-fháilte ag an dtáilliúir roimis. Seo mar a labhair an tailliúir leis.
"An tusa an bhuachaill beag gorm. (beag orm)".
Thuig an garsún gur "beag orm" a bhí na chroidhe aige dhó agus thug sé an chainnt seo mar fhreagra air.
"Ní lúgha leat é ná é thú."II
Uair amháin bhí amadán 'na chómhnuidhe i bparóiste inaice Droichead na Banndan. Lá bhí sé ar mhuin chapaill agus chas sé leis an sagart.
"Tán tú ag treabhadh romhat, a Thomáis", arsan sagart leis.
"Táim agus tusa ag fuirreadh im' dhiaidh" arsa Tomás leis an sagart - mar thuig sé go raibh an sagart a d'iarraidh bheith ag magadh fé.III
Chuir bean ceist ar bhean eile lá cionnus a bhí duine éigin a bhí breoidhte sa comharsanacht. Nuair a fuair sí an cúntas dubhairt sí:-
"Muise, a laogh níor gheall Dia do bheith 'na shagart
Ná Cóta Críosd a chaitheamh."