School: Lios Leamháin, Tigh Molaga (roll number 12145)
- Location:
- Lislevane, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lios Leamháin, Tigh Molaga
- XML Page 112
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thíos ar a ceann. Bhíodh bríste glún agus casog fháinleoige agus hata árd ar an ógánach. Bhíodh cuid de's na daoine ag siubhal agus bhíodh cuid eile sa ndiallait. Nuair a thagaidís abhaile bhíodh ceol is rinnce is damhas aca. Ní féidir le duine pósadh sa charghaos. Is féidir le duine pósadh san Inid. Sé an t-ainm a tugtar ar an gcapall ná each.
- Fadó do pósadh na daoine san Inid. Níor pósadh aon duine san gcarghaos mar ní raibh aon rath ag dul le pósadh san am san de'n bhliain. Níor tugadh na daoine aon spré mar ní raibh sé aca. Do bhíodh ar an gcailín clóca agus caipín bán ar a ceann agus ribíní ag sileadh ón gcaipín. Do bhíodh ar an bhfear hata agus cóta fada agus bríste fada. Ní théigheadh an cailín agus an fear go dtí an séipéal i n-aonfheacht le na chéile i n-aon chor acht do thagadh abhaile le na chéile. Ní bhíodh húda an chlóca ar cheann an chailín. Do théigheadh siad do dtí an séipéal ag marcuigheacht ar chapallaibh; an fear ag tiomáint agus a bhean laistiar de. Do bhíodh diallaid dheas ar chuid de's na capallaibh. Acht do bhíodh diallaid déanta de thuighe ar chuid díobh. Do chaitheadh(continues on next page)
- Informant
- Áine Bean de Faoit
- Gender
- Female
- Address
- Grange Beg, Co. Cork