School: Gurrane (C.) (roll number 14840)
- Location:
- Clondrohid, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Ní Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chuir sí clochar ar bun ann agus tugtar Cill Gobnatan mar ainm ar an áit sin mar onóir dí. Chuaidh sí as soin go Sráid an Mhuilinn áit i n-ar aimsigh sí cuig cinn d'fhiadhnaibh bána agus chuir sí clochar ar bun san áit sin leis. Chuaidh sí ó Sráid an Mhuilinn go Baile Mhúirne agus bhí naoí gcinn d'fhiadhnaibh bána roimpe san áit sin agus d'fhan sí ann an chuid eile dá saoghal.Níor bh'fhada ann dí go raibh clochar breágh déanta aice i n-imeal choille bhí ann. Do leath a cháil ar fúaid na Mumhan go léir a fheabhas is bhí sí chum eolas ar an gcreideamh do mhúineadh do sna cailíníbh a thagadh ag triall uirthe. Taréis sár obair do dhéanamh san áit sin chum an creideamh do mhúineadh do sna cailiníbh a bhí fá n-a cúram fúair sí bás naomhtha. I mBaile Mhúirne iseadh cuireadh í.Tá an sean-chill le feiscint fós ann agus í clúduighthe le heidhneán. Tá ciúineas ionghantach san mball soin. Ag dul isteach ann duit ní airIóchta fúaim ná glór ná fothram acht fuaim na gaoithe is í ag baint ceóil as craobhchaibh na gcrann nó fothram na géaga is na cág ag brácáil go dithcheallach leo.Aithristear scéalta iongantacha ar an naomh ghlórmhar soin. Tháinig tíoránach iasachta go dtí an áit i n-a raibh an naomh agus chrom sé ar chaisleán deanamh san mball soin. Bhí liathróid bheag iarainn ag Gobnait agus dheineadh sí an liathróid bheag(continues on next page)
- Collector
- Pádraig Ua Duinnín
- Gender
- Male