School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)
- Location:
- Dún Dea-radhairc, Co. Cork
- Teacher: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
![The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 048](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0337%2FCBES_0337_048.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 048
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún-dá-radharc
- XML Page 048
- XML “Céim an Fhiaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé léim treasna agus bhí sé timcheall trí troighthe déag ar leithead agus d'éaluigh sé. Glaodhtar "Léim an Fhiaidh" air leis.
Baineann beagán staruidheachta leis an áit seo. Troideadh cath fuilteach ann timcheall an bhliadhain 1847. Glaodhtar "Cath Céim an Fhiaid" air. Tá tagairt do'n chath seo i n-amhrán go bhfuil ainm na h-áite air. Dhein bean-file an t-amhrán so agus morán eile mar aon leis. Máire Ní Laoghaire b'ainm dí nú tugtar "Máire Bhuidhe" mar leas-ainm uirri. Ní ró-fhada ó'n áit a bhí a tig comhnuighthe. Bhí na Sasanaigh ar thaobh agus na h-Éireanaigh ar an dtaobh eile. Marbhuigheadh fear gurb' ainm dó Smith agus Sasanach a b'eadh é. Cuireadh i seana-phort é an chéad oidhche. Bhí eagla ortha go sgéithfeadh duine éigin agus tógadh an corp agus rugadh ó thuaidh é go Muinn Fluich agus cuireadh ann é. Tugtar "Muinn na Biorraidhe" mar ainm air. Fuair na saighdiúirí amach mar gheall air agus dheineadar d'fhiacaibh ar fhear éigin é thogaint. An poll as ar tógadh é bíonn rud iongantach ag baint leis, mar dathuigheann an t-uisge éadaighe buidhe. Áit ana-fhluich iseadh é agus tá clúmairt maith(continues on next page)- Collector
- Eibhlís Ní Ghúl
- Gender
- Female
- Address
- Drom Óinigh, Co. Cork
- Informant
- Seán Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Inchibrackane, Co. Cork