School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)

Location:
Dún Dea-radhairc, Co. Cork
Teacher:
Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 050

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 050

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún-dá-radharc
  2. XML Page 050
  3. XML “Caisleán Mhaigh Chromtha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I mbaile mór Maghchromtha tá sean-chaisleán. Deirtear gur Muinntear Uí Fhloinn a thóg é ach níl aoinne cinnte. Tá a lán sean-scéalta ag gabháil leis an bhfothrach san.
    Deirtear go raibh fear na chómhnuidhe i n-áit éigin timcheall na h-áite go raibh duais trom taisgthe ar a cheann. Chaitheadh sé oidhche annso agus eadarshudh annsúd ach oidhche amháin bhí sé ar a lóisdín i dtigh a charad i gCluaindrochid. Bhí fhios ag an gcaraid go raibh an duais sin ar a cheann agus theastuigh airgead uaidh chun spré do thabhairt d'á inghin. Dubhairt sé leis an bhfear go raibh eagla air é a choimeád sa tigh ach gur bhféidir leis codladh ins an sgioból féir amuigh. Dhein sé mar dubhradh leis agus i lár na h-oidhche d'imthigh fear an tighe amach agus do bhain sé an ceann de le sgéin an fhéir. Thóg sé an ceann leis go Caisleán Maghchromtha agus nuair a bhí sé ag gabháil thar an droichead, cé bhuail uime ach athair an duine a bhí marbh agus dubhairt sé leis go raibh sé taréis párdún d'fhághail d'á mhac. Chaith sé an ceann isteach thar badhbhdún an droichead agus chuaidh sé abhaile go dubhach dubhrónach.
    Deirtear gur nígh sé an ceann i dtobar a bhí i mbaile fearainnn Árd na Croise i bparoíste Cluaindroichid agus gur tugadh "Tobar an Chinn" ar an tobar san. Dúnadh é roinnt bliadhanta ó shoin
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Address
    Dún Dea-radhairc, Co. Cork
    Informant
    Diarmuid Ó Loingsig
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Inse na hAmhraí, Co. Cork