School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)
- Location:
- Dún Dea-radhairc, Co. Cork
- Teacher: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún-dá-radharc
- XML Page 112
- XML “Ainmhithe Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Deineann an Madra Ruadh níos mó díoghbháil ná tairbhe. Dá bhfaghadh an madra ruadh cró na cearc, geallaim dhuit go marbhóchadh sé an ceann is reamhaire de na cearca. Deineann sé tairbhe nuair a itheann sé coiníní mar tá an iomarca coiníní san áit agus deineann síad an díogbháil.
Leighiseann fuighleach an fhiréad an truic. Deineann na daoine dá mbeadh dealg id' láimh tharraingeóchadh teanga an madra ruaidh é.
Dá bhfeiceadh an Madra Ruadh gé d'fhanfadh sé i bfolach i dtor go dtí go dtagadh sí. Annsan bhéarfadh sé uirthe agus chaithfeadh sé aniar ar a dhrom í agus raghadh sé go dtí a phluais annsan.
Do bí a lán ainmhidhthe fiadaine i n-Éirinn fado mar an leomhar an mactire agus an oll-phias ac do dhíbir Naomh Pádraig as an tír íad.- Collector
- Cáit Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- An Drom Réidh, Co. Cork