School: Baile Theas (B.), Malla (roll number 4953)
- Location:
- Ballyhass, Co. Cork
- Teacher: Tadhg Ó Hanluain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)éigin imeasg na nGaedheal agus ní fada gur chas na Sasanaigh ortha agus dheinedar brúscar d'arm na nGaedheal. Taréis an catha agus go ceann i bhfad 'na dhiaidh sin bhí cnámha na bhfear a marbhuigheadh 'san chath le feiscint ingach áit ar fúd an chnuic. Deirtear 'sa chómharsanacht gur thug bean-uasal cárthannach éigin órdú iad do bhreith go dtí an mhainistear i gCill na Mullach agus gur cuireadh fé ghlas annsin i dtreo na beadh daoine a d'iarraidh iad a ghoid. Pé scéal é tá na cnámha le feishcint i gCill na Mullach i láthair na h-uaire agus dar ndóigh is cuimhneacán fiuntach iad chun a chur 'na luighe orainn nach le cainnt agus poilitideacht a baineadh amach saoirse na tíre seo.
BEÁL-OIDEAS I DTAOBH AN CHATHA
CLAIDHEAMH MHIC DOMHNAILLBhí claidheamh Mhic Domhnaill 'sa chómharsanacht ar feadh i bhfad. 'Sa Chaisleán i Lohort a bhí sé acht le linn an díth-ármála 1918 do tógadh an claidheamh agus níl tásc ná tuairisc air anois.
BÁS MHIC DÓMHNAILLDe réir lucht staire na comharsanachta marbhuigeadh Mac Domhnaill ag ath ar abhainn bhig atá ar bhun an chnuic. Tugtar "The Chieftain's Ford" ar an áit fé láthair. Bé rud a thuit amach ná go raibh Mac Domhnaill taréis teicheadh ó'n ár agus bhí sé ag bogaint a sgíth cois na h-abhann nuair tháinig Sasanach ar ab'ainm dó Williams taobh thiar de agus sháith sé claidheamh tré'n a dhrom(continues on next page)- Informant
- Mr James O' Connell
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Address
- Knocknanuss, Co. Cork