School: Ráth Chormaic (C.) (roll number 1878)
- Location:
- Rathcormack, Co. Cork
- Teacher: Máiréad Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráth Chormaic (C.)
- XML Page 458
- XML “Carraig an Aifrinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall ceithre míle siar ó Mhainistir Fhear Maighe (?) tá sean-charraig staireamhail ar bhrollach an tsléibhe, agus í clúduighthe le fraoch is le caonach. I n-aimsir na bPéin-Dlighthe is mó uair adubhrathas an t-Aifreann ar an gcarraig chéadna agus go dtí an lá indiu féin tugtar Carraigh an Aifrinn uirthi.Chífeá gach aon phioc de'n dúthaigh timcheall ort is tú ith' sheasamh ag an gcarraig agus mar sin b'fuirist do lucht éistighthe an Aifrinn ann fadó an námha d'fheicsint in-amh.Tá an áit deisighte is maisighte go mór le déidheanaighe. B'ailigh sluagh mór daoine ann Lughnasa 21adh (?) thug sagart an Choróinn Mhuire amach, agus bheannuigh sé an áit. Sé is dóichighe go mbeidh pátrún ann gach aon bhliain eile, i gcuimhne ar dílseacht na nGaedheal d'a gcreideamh.
- Informant
- Cáithríona Ní h-Uighinn
- Gender
- Female