School: Fota Island, Belvelly, Cóbh (roll number 11646)

Location:
Foaty, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Coileáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0386, Page 121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0386, Page 121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fota Island, Belvelly, Cóbh
  2. XML Page 121
  3. XML “Forts - Lios an Uisce”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tímcheall míle go leith ar an dtaobh thuaidh den Cóibh tá áit ar a dtugtar "Lios an Uisce" mar ainm air. Ná céadta bliadhain ó shoin, bhí lios le feiscint san áit seo. Níl ach cuid de ann i láthair na h-uaire seo. Sé iothlann Shéamuis Mhic Coitir láithreán an leasa. Tá sruthán a'rith ó dheas thar an áit. Tá feárlann suidhte i láithreán an leasa fé láthair. Téigheann an bóthar ó'n Cóibh go dtí Béal Athá'n Bhile thar an áit seo. B'iad muinntear Mich Carthaigh a bhí 'na gcomhnuidhe sa bhfeirm seo sa naoimhadh aois deag. B'féidir gurb é duine den teighlach seo a chur an lios dá leagadh nó b'fheidir go ndeineadh gach glún dá dtagadh a gcuid féin de a leagadh.
    Pé ar dhomhan é san aois deireannacch (ós cionn céad bliadhain ó soin) do h-íreáladh beirt fhear d'fonn a leasa a leagadh. Do chuireadar chun gnótha. Bhí an obair fé lán-tseól. Bhíodar ag obair go gceann tamall nuair do thuit rud éigin amach. Do chaill duine acú radharc a dá shúil, do b'éigin do'n bfear bocht eirghe as an obair. Annsan do thuit mí-ádh eile ar an dara fear - d'imigh sé as a mheabhair. slán mar a n-innstear é Tháinig eagla ar mhuinntear na h-áite annsan agus d'fhagadar é suíd mar a bhí sé ..... Tá lios eile timcheall
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Location
    Lissanisky, Co. Cork
    Informant
    Johnny Hegarty
    Gender
    Male
    Address
    Marino, Co. Cork