School: Lios Gúl, Mainistir na Corann (roll number 4230)
- Location:
- Lisgoold North, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lios Gúl, Mainistir na Corann
- XML Page 001
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Sgéal iseadh í seo a thuit ammach roinnt bliadhan ó shoin...”
Sgéal iseadh é seo a thuit amach roinnt bliadhan ó shoin ag tobar beannuighthe sa cómharsanacht. Uair amháin bhí fear mhór árd díthcéilleach agus bhíodh sé chosnochtuighthe i gcómhnuidhe. Bhí a ghníomhartha agus gach rud a dhéanfadh sé de ghlan-mheabhair go maith ag na cómharsain mór-thímcheall. Ba ghnáth leis sgread mhór uathbhásach a leigint as ar choingheall go dtabharfadh na daoine pingin no súim airgid dó.
Thagadh alán daoine chun an tobair an uair sin, agus bhíodh bean ann ag díol úbhla, óráisti, agus misleáin. An tráth úd bhí cában déanta ag mnaoi de'n chéarr agus cúpla píosaí adhmaid agus bhí na misleáin is na rudaí eile sochruighthe go deas ar na seilpeanna aici.
Bhí roinnt garsúin ag imirt cártaí agus nuair a chonachadar an t-amadán mhór sho ag teacht do ghlaodhadar air, agus do thairigeadar sgilling air ar choingheall go raghadh sé síos fé'n gcéarr agus an sgread mór uathbhásach a leigint as. Do chuaidh sé síos agus dhein sé mar a dúbhradh leis agus do leig sé an liach ba mhó d'airigheadh riamh as agus súd leis súas go bárr na páirce airís.
Bé toradh an sgread ná gur léim an t-asal agus briseadh an chábán agus do scaipeadh gach rud tímcheall na féurach. Bhí ionghnadh ar gach aoinne nuair airigheadar an glór mar ní raibh fhios acu chár bhfás é ach bhíodar ins na tríthibh gáiri nuair airigheadar an bhean ag tabhairt agaidh béil ar an bhfea. Labhartar ar an sgéal seo go minic sa Pharoiste fós.- Collector
- Tomás Ó Ríoghbhardáin
- Gender
- Male
- Address
- Lisgoold North, Co. Cork
- Informant
- John C. O' Riordan
- Gender
- Male
- Address
- Lisgoold North, Co. Cork