School: Ráth an Tóiteáin (Burnfort), Malla (roll number 11249)
- Location:
- Burnfort, Co. Cork
- Teacher: Domhnall Mac Óda (Archdeacon)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill ann fadó, agus 'sé an ainm a bhí air ná An Gobán Saor. Bhí a mháthair tar éis bháis agus do phós an t-athair arís bean ón iarthar. Bíodh an leas-mháthair an-dhian ar an Ghobán bocht.
An lá so bhí an t-athair as baile, agus do thug an leas-mháthair a muinntir féin go léir isteach léi agus thug sí [?] maith dóibh. Chuir sí d'fhiacaibh ar an nGobán Saor gan an sgéal d'innsnint d'á athair nuair a thiocfadh sé abhaile acht amháin do pholl a bhí ins an bhfalla. Um thráthnóna nuair d'fhill fear an tighe abhaile do shuidh sé cois na teineadh in aice le Gobán agus d'fhiafruigh sé dé an raibh aon sgéal aige tar éis an lae. D'eirigh an Gobán Saor 'na sheasamh agus thug sé a aghaidh ar an bpoll a bhí 'san bhfalla, agus dubairt:-Tháinig lán a' tighe aca annso, 'phuill an falla,'phuill an fhalla,
Fuaireadar prátaí a's im uaim-se, 'phuill an fhalla, 'phuill an fhalla;
Chuireadar an leabhar orm gan é innsint, acht duit-se, 'phuill an fhalla, 'phuill an fhalla,
A's ní 'o h-aoinne táim á ínnsint, acht duit-se 'phuill an fhalla, phuill an fhalla.- Collector
- Domhnall Mac Óda
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Sean-Mháire Ní Horragáin
- Gender
- Female