School: Ráth an Tóiteáin (Burnfort), Malla (roll number 11249)
- Location:
- Burnfort, Co. Cork
- Teacher: Domhnall Mac Óda (Archdeacon)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráth an Tóiteáin (Burnfort), Malla
- XML Page 235
- XML “Mainistir na Mórna - Mourne Abbey - Stair Áitiúlil agus Seaniarsmaí Stairiúla srl - Caisléan Mhór Barréideach”
- XML “An Seanmhainistir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chnoc an Bhuidéil san mbliadhain 1690 ag saighdiúirí Riógh Liaim toise go raibh Mac Uí Barróid agus 400 dá shaighdiuirí ó Mannistir na Mórna ag troid ar thaobh Rí Shéamais Luimnirch agus i gcathanna eile. Tá an caisleán ag tuitim as a chéile ó san. Tógadh an talamh go léir uaidh agus tugadh é do lucht leanaimhne Liaim. D'imthigh Mac Uí Barróid agus a mhuinntear go dtí an Fhrainnc leis na "Géanna Fiadhaine" agus marbuigheadh ann i gcath é.
Tá sgéal mar gheall ar Aodh Ó Néill ag dul thar an áit go Cath Ceann tSáile (1601). Chuir sé cheist ar dhuine áitiúil :- Cé tá ina choimhuidhi sa Chaisleán thuas? Freagra ;- Duine uasal ó Shasana ann le 400 blian.
Aodh Ó Néill ;- Is fuath liom an bodach sasanaigh díreach chóin mór as dá mba indé a tháinigh sé ann. - Tá fotharaigh fairsinge ar thaobh an bhóthar timcheall leath-mhíle slighe ó Bhaile na Móna. Eidhneán ag fás go tuigh air ne na fallaí. Tá sean-caisleán sa chuinne thiar theas agus sean cill na lár le roillig timcheall uirthi. A lán árus mbeag scaipighthe annso annsúd - áruis comhnuighthe i gcóir na Manach. Fallaí móra 20' x 52' timcheall ortha go léir. Tógadh an Mainistir sa bhliadhain 1189 ag Ridirí na dTeampall fé éigheamh (?) Naomh Eoin Baiste. B'ionann aid agus saighdiuirí na Croise a bhí tar éís teacht thar n-ais ós na cogtha sa Tír Naomhtha. Sasanach darabh ainm De Sancto Helena(continues on next page)