School: Baile Giolla tSionáin (C.)
- Location:
- Ballygiltenan Upper, Co. Limerick
- Teacher: Máiréad, Bean Uí Chathaláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Giolla tSionáin (C.)
- XML Page 041
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Seo nós a bhíodh ar siúbhail timceall na h-áite seo fadó...”
(continued from previous page)Seo nós a bhíodh ar siubhail timceall na h-áite seo fado. Nuair a thagadh Oidhche 'le'n Seáin i gcomhnaidhe do lastaí teinteacha móra ar gach aon bhaile ar fuaid na dúthaighe. Teinteacha cnámh a tugtaí ar na teinteachaibh sin. Is amhlaidh a chruinnigheadh muinntir gach baile le'céile, go mórmhór na daoine óga, agus do dheinidís a lán neithe mar fraoch is aiteann críon, seanadhmad, seanacnámha, agus mórán rudaí eile do bhailiú i dteantna a chéile in aon charn mór amhain, agus annsan teine do cur leo t'réis tuitim na h-oidhche. Bhíodh an oiread san adbhar teine bailithe i-n áiteannaibh go gcoinnightí na teinte cnámh ar lasadh go dtí uair an mhéan oidhche. Bhíodh muinntir gach baile ag formad le céile, leis, féacaint cioca baile go mbéadh an teine chnámh is fearr air. Bhíodh mórán caitheamh-aimsire ar siubhail agus na daoine óga timceall na dteinte cnámh úd; rinnce agus ceól agus spórt agus sult agus greann.- Collector
- Máiréad Bean Uí Cathláin
- Gender
- Female
- Age
- 46
- Address
- Ballygiltenan Upper, Co. Limerick