Scoil: Baile Giolla tSionáin (C.)

Suíomh:
Baile Mhic Giolla tSeanáin Uachtarach, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Máiréad, Bean Uí Chathaláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0480, Leathanach 041

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0480, Leathanach 041

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Giolla tSionáin (C.)
  2. XML Leathanach 041
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Seo nós a bhíodh ar siúbhail timceall na h-áite seo fadó...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Seo nós a bhíodh ar siubhail timceall na h-áite seo fado. Nuair a thagadh Oidhche 'le'n Seáin i gcomhnaidhe do lastaí teinteacha móra ar gach aon bhaile ar fuaid na dúthaighe. Teinteacha cnámh a tugtaí ar na teinteachaibh sin. Is amhlaidh a chruinnigheadh muinntir gach baile le'céile, go mórmhór na daoine óga, agus do dheinidís a lán neithe mar fraoch is aiteann críon, seanadhmad, seanacnámha, agus mórán rudaí eile do bhailiú i dteantna a chéile in aon charn mór amhain, agus annsan teine do cur leo t'réis tuitim na h-oidhche. Bhíodh an oiread san adbhar teine bailithe i-n áiteannaibh go gcoinnightí na teinte cnámh ar lasadh go dtí uair an mhéan oidhche. Bhíodh muinntir gach baile ag formad le céile, leis, féacaint cioca baile go mbéadh an teine chnámh is fearr air. Bhíodh mórán caitheamh-aimsire ar siubhail agus na daoine óga timceall na dteinte cnámh úd; rinnce agus ceól agus spórt agus sult agus greann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máiréad Bean Uí Cathláin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    46
    Seoladh
    Baile Mhic Giolla tSeanáin Uachtarach, Co. Luimnigh