School: Cromadh (B.) (roll number 9306)

Location:
Croom, Co. Limerick
Teacher:
Dáithí Ó Ceanntabhail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0508, Page 12

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0508, Page 12

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromadh (B.)
  2. XML Page 12
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Tháinig Cumann Ársaidheachta na Tuadh Mhumhan ar cuaird go Cromadh Dia Domhnaigh...

    (continued from previous page)
    Thugadar a n aghaidh ar uaigh Sheáin Ui Thuama, ar Caisleán na nGearaltach, ar Díseart Aongusa agus ar Mhainistir an Aonaigh. Ag uaigh an fhile tugadh caint ar a shaoghal agus ar a bheathaidh mar aon le moladh a chuid filidheachta. Taisbeánadh go raibh a thigh ósta do réir béaloideasa an Cheanntair ag Crosaire Cromtha, lámh le "Geata Mungairit". Ag an gcaisleán bhí caint agus cur sios ar a réim agus i rith na cainte sin éirigheadh(?) gur cuireadh fallaí timcheall Cromtha sa bhliadhain 1300 nó mar sin. Níl rian na bhfallaí sin le feicsint anois ach tá, mar a dubharthas sa bhailiuchán seo ceana, trácht sa bhéaloideas ar stumpa seana-chaisleáin a bhi ag Crosaire Cromtha in allód. Thagair an cainteoir, ag an gcaisleán, so'n fhothrach sin agus dubhairt gur féidir gur cuid des na sean-fhallaí an geata so Mungairit a bhí inaice tigh osta an fhile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish