School: Burgess, Aonach Úrmhumhan (roll number 8608)
- Location:
- Burgesbeg, Co. Tipperary
- Teacher: Mícheál Ó Cearnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Burgess, Aonach Úrmhumhan
- XML Page 054
- XML “Bruíonta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gur shroicheadar cnoc an chatha. Thosuigh an cath annsin i ndáíribh i ndiaidh ama díbrigheadh na Dobhsers.Anois bhí aonach le bheith i mBéal Átha Gabhann agus bhí déanta suas ag ng Dobhsers a bheith ag an aonach roimh na Dingers, agus iad a ionnsuighe ar a mbealach isteach. 1400 de na Dobhsers a bhí ann.Fuair na Dingers sgéul an oidhche roimhe sin fé an tóir a bhí ortha. Chruinnigheadar go láidir a lucht leanamhna. Throideadar go tréan, acht bhí an bhuaidh ghá fhagháil ag na Dobhsers go dtáinig sagart amach ag deanamh síothchána. Bhuail ceann de na Dobhsers é, agus ó soin amach ní dheárna siad aon mhaith.Nuair a bhí an troid ag dul chun cinn ag Cnoc Dinger, deirtear go raibh fear ag marcaidheacht ar chapall agus é ag dul ó dhream go dream ag spreagad na tróduidhthe agus déarfaidh cuid de na daoinibh go b'é an diabhal fhéin a bhí ann.